I mbliain ina bhfuil paindéim an Choróinvíris chun tosaigh, feictear do shaoránaigh na hEorpa gurb é an tAontas Eorpach is fearr atá in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus deiseanna a chinntiú amach anseo.
In Eorabharaiméadar Speisialta nua, a foilsíodh roimh shíniú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh ó Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus an Choimisiúin Eorpaigh, dírítear ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ina ndéantar tomhas ar dhearcthaí ina leith agus ar roinnt de na príomhthéamaí a phléifear. Is é is aidhm don Chomhdháil seo fóram poiblí nua a chruthú le haghaidh díospóireacht oscailte, chuimsitheach, thrédhearcach agus struchtúrtha le hEorpaigh faoi na saincheisteanna is cás leo agus a mbíonn tionchar acu ar a saol laethúil. Rinne Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach an suirbhé sin, arna sheoladh ag Kantar idir mí na Samhna agus mí na Nollag 2020, a choimisiúnú go comhpháirteach.
An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
Cheap trí cheathrú de na freagróirí go mbeidh tionchar dearfach ar an daonlathas laistigh den Aontas ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Aontaíonn 76% díobh gurb ionann í agus dul chun cinn suntasach ar son an daonlathais laistigh den Aontas, agus tromlach soiléir ag tacú leis an dearcadh sin i ngach Ballstát de chuid an Aontais.
Guth na saoránach in AE
Éilíonn tromlach mór na nEorpach (92%) ar fud na mBallstát go mbeadh guth na saoránach ‘i gcuntas níos mó i gcinntí a bhaineann le todhchaí na hEorpa’.
Cé gur léir go mbreathnaítear (55% de fhreagróirí) ar vótáil i dtoghcháin Eorpacha mar an bealach is éifeachtaí chun a áirithiú go gcloiseann lucht déanta cinntí ar leibhéal AE guthanna, tá tacaíocht an-láidir ann don tuairim go mbeadh tionchar níos mó ag saoránaigh AE ar chinntí a bhaineann le todhchaí na hEorpa.
Dearbhaíonn 45% de mhuintir na hEorpa go bhfuil siad ‘i bhfabhar AE ach nach bhfuil siad i bhfabhar na caoi inar cuireadh i gcrích é go dtí seo’.
Todhchaí na hEorpa
Tá seisear as gach deichniúr san Eoraip ag rá gur cuireadh ag smaoineamh ar thodhchaí na hEorpa iad mar gheall ar ghéarchéim an Choróinvíris, agus easaontaíonn 39% díobh leis sin.
Buanna agus dúshláin
Measann muintir na hEorpa gurb iad urraim an Aontais don daonlathas, do chearta an duine agus don smacht reachta (32%) agus a chumhacht eacnamaíoch, thionsclaíoch agus trádála (30%) a phríomhbhuanna.
Meastar go soiléir gurb é an t-athrú aeráide an príomhdhúshlán domhanda a bhfuil tionchar aige ar thodhchaí AE, agus is é sin an príomhdhúshlán a roghnaigh 45% d’Eorpaigh. Is iad sceimhlitheoireacht (38%) agus rioscaí a bhaineann le sláinte (37%) an dara agus an triú saincheist is tábhachtaí dar le sciar comhchosúil d’Eorpaigh.